LEAFLET – Tabhair cuairt ar Leithinis an Daingin gan an Gluaisteán

Is mór ag Bus Éireann agus TFI Nasc Áitiúil Chiarraí fáilte a chur roimh sheirbhísí nua, feabhsaithe bus i gCiarraí ag ceangal Trá Lí le Corca Dhuibhne.

Beidh Bealach 275 ag Bus Éireann agus Bealach 277 ag TFI Nasc Áitiúil ag ceangal Trá Lí leis an Daingean agus an Daingean le Dún Chaoin faoi seach, is iad ag oibriú seacht lá sa tseachtain chun ceangal níos fearr a sholáthar do na bailte agus sráidbhailte ar an mbealach seo.

Tá amanna seirbhísí TFI Nasc Áitiúil socraithe chun ceangal a dhéanamh le bus 275 de chuid Bus Éireann, rud a ligeann do dhaoine turasanna fillte ó Thrá Lí go Baile na nGall, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh nó Ceann Trá a dhéanamh.

 

I measc na seirbhísí feabhsaithe tá;

Bealach 275 Bus Éireann Trá Lí – Cathair Uí Mhóráin – An Cam – Abhainn an Scáil – Lios Póil – An Daingean (Luan go Domhnach)

Bealach 277 TFI Nasc Áitiúil – An Daingean – Fionn Trá – Baile an Fheirtéaraigh – Dún Chaoin (Luan go Satharn)

Beidh na seirbhísí bus seo a leanas de chuid TFI Nasc Áitiúil ag feidhmiú ar bhonn ‘Doras go Doras’:

R73 – An Daingean – Gallaras – An Mhuiríoch – An Fheothanach – Baile na nGall (Máirt, Déardaoin, Aoine agus Satharn)

R74 – An Daingean – Lios Póil – Abhainn an Scáil (Luan agus Céadaoin)

 

Is é a dúirt Alan O’Connell, Bainisteoir Ginearálta, TFI Nasc Áitiúil Chiarraí ná:

“Tá TFI Nasc Áitiúil Chiarraí dírithe ar cheangail rialta a sholáthar ó agus go dtí an Daingean a rachaidh chun tairbhe daoine áitiúla agus turasóirí araon.”

Lean Alan ar aghaidh, “cuireann na seirbhísí feabhsaithe seo rochtain níos fearr ar fáil do dhaoine chun gur féidir leo dul i mbun a gcuid ghnó, chun seirbhísí riachtanacha a bhaint amach sa Daingean agus i dTrá Lí, nó chun cuairt a thabhairt ar na sráidbhailte, áiteanna, suíomhanna, taobhanna tíre, tránna agus siúlóidí áille iomadúla as a bhfuil cáil domhanda ar an leithinis. Níl aon rud anois ag cur bac ar dhaoine turas a thabhairt ar Chorca Dhuibhne ag baint úsáid as iompar poiblí.”

 

Is é a dúirt Frances McCarthy, Bainisteoir Cúnta Seirbhísí i gCiarraí do Bhus Éireann faoin tseirbhís ná:

“Is cuid riachtanach de Chiarraí agus a phobal é Bus Éireann, ag déanamh breis agus 411 turas gach lá ar fud an chontae, ag iompar níos mó ná 900,000 paisnéir gach bliain roimh theacht don bpaindéim.

Tá an tseirbhís fheabhsaithe ar Bhealach 275 ó Thrá Lí go dtí an Daingean anois ag ceangal ár gcustaiméirí le seirbhísí de chuid TFI Nasc Áitiúil taobh thiar den Daingean, ag soláthar aistruithe agus nascanna níos fearr le bailte agus sráidbhailte Chiarraí.”

 

Is é a dúirt Bláithín McElligot, Bainisteoir Cláir TFI Nasc Áitiúil leis an Údarás Náisiúnta Iompair ná:

“Tá sé go hiontach na seirbhísí feabhsaithe seo de chuid Bhus Éireann agus TFI Nasc Áitiúil Chiarraí a fheiscint ag obair faoi lánseol. Is buntáiste iontach é leathnú na seirbhísí seo do na pobail feadh na mbealaí. Ár sprioc leanúnach ná soghluaiseacht a fheabhsú i gceantracha tuaithe trí fheabhas a chur ar sheirbhísí atá ann cheana féin, trí sheirbhísí nua a chur ar siúl, agus trí fhorbairt a dhéanamh ar an líonra reatha  d’Iompar Éileamh-Freagrúil (IEF).

Trí bheith ag obair le chéile chun aon bhearnaí féideartha i líonra an chóras iompair a líonadh, is féidir linn rochtain níos fearr a chur ar fáil do dhaoine chun gur féidir leo dul i mbun a gcúraimí laethiúla, teacht ar sheirbhísí riachtanacha, nó cuairt a thabhairt ar na sráidbhailte, áiteanna, agus suíomhanna turasóireachta áille iomadúla as a bhfuil cáil ar an leithinis, gan aon ghá acu le gluaisteán.”