Tá ceithre sheirbhís fheabhsaithe bus á seoladh ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí, lena méadófar an nascacht iompair phoiblí thart ar Chorca Dhuibhne/Leithinis an Daingin ón Dé Luain an 18 Nollaig 2023.

Reáchtálfar na ceithre Sheirbhís Rialta Tuaithe (RRS) ar fad seacht lá na seachtaine, rud a mheastar a bheith ina bhorradh mór ar na seirbhísí iompair phoiblí do mhuintir Chiarraí.

Tá na seirbhísí sin ina gcuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, ar mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Cuirfear Bealach 268 in ionad Bhealach R73 Nasc áitiúil TFI Chiarraí atá ann cheana agus reáchtálfar sheirbhís fhillte laethúla ó Luan go Domhnach air. Leis an mbealach feabhsaithe, soláthrófar nascacht fheabhsaithe chuig sráidbhailte agus ceantair amhail An Fheothanach, Baile na nGall, An Mhuiríoch, An Cuas agus Gallaras.

Cuirfear Bealach 276 in ionad Bhealach R74 Nasc áitiúil TFI Chiarraí atá ann cheana agus reáchtálfar trí sheirbhís fhillte laethúla ó Luan go Domhnach air. Leis an mbealach feabhsaithe, soláthrófar nascacht fheabhsaithe le sráidbhailte agus ceantair amhail Caisleán na Mainge, Na Buailtíní, An Inis, Abhainn an Scáil agus Lios Póil.

Cuimseofar leis na feabhsuithe ar Bhealach 277 dhá sheirbhís bus, 277A agus 277B. Reáchtálfar ar an 277A sé seirbhís fhillte laethúla ó Luan go Satharn agus ceithre sheirbhís fhillte laethúla ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Phoiblí. Reáchtálfar ar an 277B dhá sheirbhís fhillte laethúla, seacht lá na seachtaine agus clúdófar leis an chuid íochtair de Shlí Cheann Sléibhe. Leis an dá sheirbhís, soláthrófar nascacht níos fearr do na sráidbhailte agus ceantair Cheann Trá, Bhaile an Fheirtéaraigh, Dhún Chaoin agus Ionad an Bhlascaoid.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Alan O’Connell, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI: “Tá na feabhsuithe méadaithe seirbhíse ar Bhealaí 277 & 268 chomh maith le tabhairt isteach Bhealach 276 nua lena nasctar Caisleán na Mainge, An Inse agus Daingean Uí Chúis ina bhforbairt a bhfuil fáilte roimpi do mhuintir na háite agus turasóirí feadh Chorca Dhuibhne/ Leithinis an Daingin.

Tugtar chun suntais leis ar an dóigh a leanaimid ag feabhsú na roghanna iompair phoiblí inbhuanaithe. “I gcomhpháirtíocht le ÚNI, táimid tiomanta dár seirbhísí a fheabhsú agus a leathnú ar bhonn leanúnach chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí agus tá rathúlacht na seirbhísí bus reatha isteach agus amach as Daingean Uí Chúis feicthe againn cheana féin. Tá a lán oibre déanta le muintir na háite agus le ceannairí pobail ar fud Chorca Dhuibhne/Leithinis an Daingin chun na síntí sin a thabhairt chun críche.

“Tuigimid go bhfuil gach turas tábhachtach, agus leis na feabhsuithe sin, tá súil againn go ndéanfar na turais sin níos fearr fós.”

DEIREADH
Chun faisnéis a fhail maidir le bealaí nó amchláir, glaoigh ar (066) 714 7002 nó tabhair cuairt ar www.locallinkkerry.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland tabhair cuairt ar: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/